Baineann an IALC úsáid as fianáin le go mbeidh an t-eispéireas is fearr is féidir agat ar ár suíomhanna gréasáin. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus toiliú leis an úsáid a bhainimid as fianáin faoi mar atá leagtha amach sa Pholasaí Príobháideachais seo. Cliceáil anseo má theastaíonn uait an teachtaireacht seo a bhaint.
MENU

3-4 Bealtaine 2018: An cúigiú comhdháil idirnáisiúnta bhliantúil, Pristine, an Chosaiv

Ba mhór ag Oifig an Choimisinéara Teanga / Oifig an Phríomh-Aire, tú a bheith i láthair ag comhdháil bhliantúil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga a bheidh ar siúl ar an 4 Bealtaine 2018 i bPristine, sa Swiss Diamond Hotel, Seomra Comhdhála "Diar", ag 09:00. 

Is é "Ilteangachas: Luach agus/nó oibleagáid", ábhar plé na comhdhála, atá á reáchtáil ag an gCosaiv i mbliana, agus beidh an deis ann spléachadh a thabhairt ar a bhfuil bainte amach ag an mball seo den Chumann ó thaobh cearta teanga a chosaint agus a chur chun cinn. 

Tá an cuireadh agus clár na Comhdhála faoi cheangal. Iarrtar ort deimhniú a thabhairt faoin 27 Aibreán 2018 go mbeidh tú i láthair. 

Is iad na teangacha oibre: Albáinis, Seirbis agus Béarla. 

Beidh fáilte romhat ann! 

Tá sonraí faoi chlár na comhdhála le fáil ach cliceáil ar an nasc seo a leanas: Ilteangachas: Luach agus / nó oibleagáid