MENU

Téarmaí agus Coinníollacha

Séanadh – hipearnaisc sheachtracha

Is ó fhoinsí seachtracha a sholáthraítear cuid den fhaisnéis ar an suíomh gréasáin seo. Ní ghlacann Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga freagracht as caighdeán, indíoltacht nó inúsáidteacht fhoriomlán na dtáirgí agus seirbhísí a gcuirtear ar fáil ar shuíomhanna seachtracha agus a ndéantar athchur i láthair orthu ar roghchlár a shuímh gréasáin. Ní ghlacann Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga le haon fhreagracht as cruinneas, inchreidteacht nó bailíocht na faisnéise arna soláthar ag foinsí seachtracha ar an suíomh gréasáin.

Ráiteas príobháideachais

Tá Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla tiomanta do phríobháideachas cuairteoirí ar a suíomh gréasáin a chosaint. Mar sin féin, fóram poiblí is ea an tIdirlíon agus is féidir tascradh a dhéanamh ar fhaisnéis leictreonach. Ní suíomh gréasáin slán é seo. Ná roinntear faisnéis neamhriachtanach faoi rún.

Cóipcheart agus ceart atáirgthe

Cheap nó Chuir Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga ábhar an tsuímh gréasáin seo i dtoll a chéile ionas go mbeidh rochtain dhíreach ag an bpobal ar fhaisnéis i dtaca le cláir agus seirbhísí Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga.

Tá ábhar ar an suíomh seo faoi chosaint ag dlíthe, polasaithe agus rialacháin, faoi réir comhaontuithe idirnáisiúnta. Is é an aidhm atá ag na forálacha seo foinse agus/nó údar na faisnéise seo a aithint agus – i gcúinsí ar leith – átairgeadh ábhar a chosc mura gceadaítear a leithéid i scríbhinn.

Atáirgeadh neamhthráchtála

Postáladh faisnéis ar an suíomh seo chun go mbeadh rochtain éasca air chun críocha úsáide pearsanta agus poiblí neamhthráchtála. Féadfar atáirgeadh a dhéanamh air, go páirteach nó go hiomlán agus ar aon mhodh, gan táille nó cead breise ó Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga. Ní iarrfaimid ar úsáideoirí ach:

Atáirgeadh tráchtála

Cuirtear cosc ar atáirgeadh ilchóipeanna d’ábhar an tsuímh seo, go hiomlán nó go páirteach, chun críche athdháilte tráchtála mura dtabharfar cead i scríbhinn ó Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga.

Polasaí Fianáin

Úsáidtear fianáin ar ár suíomh gréasáin.

Cad is fianán ann?

Is ionann fianán agus sonraí beaga a stóráiltear ar do ríomhaire nó gléas móibíleach. Cuireann a leithéid ar acmhainn shuímh gréasáin do chuid gníomhartha nó sainroghanna a thabhairt chun ‘cuimhne’ in imeacht tréimhse ama.

Is féidir teacht ar eolas breise maidir le fianáin agus RGCS anseo.

Conas a úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo?

Baineann fianáin a úsáidtear ar an suíomh gréasáin seo leis na mórchatagóirí seo a leanas:

Tá fíorthábhacht le fianáin riachtanacha maidir le feidhmiúlacht bhunúsach an tsuímh gréasáin lena n-áirítear leithdháileadh acmhainní freastalaí, sainroghanna fianáin agus feidhmiúlacht logála isteach úsáideoirí. Is fianáin éigeantacha iad fianáin riachtanacha agus socrófar go huathoibríoch iad de réir chuairt gach úsáideora.

Éascaíonn fianáin mheán sóisialta comhroinnt ábhair shuímh ar ardáin aitheanta meán sóisialta amhail Facebook agus Twitter.

Baintear úsáid as fianáin anailísíochta chun rianadh a dhéanamh ar shainchuairteanna leathanaigh agus chun feabhas díreach agus indíreach a chur ar eispéiris chuairteoirí suímh gréasáin amach anseo.

Tá fianáin tríú páirtí nó margaíochta i gcosúlacht le fianáin anailísíochta agus féadfar iad a shocrú nuair a bhreathnaítear ar ábhar leabaithe amhail físeáin YouTube.

Na Fianáin uile a úsáidtear ar an suíomh seo

Cineál Fianáin

Ainm(neacha)

Cuspóir

Riachtanach

trackshare

Úsáidtear an fianán seo chun sainrogha úsáideora a stóráil maidir le fianáin ar an suíomh gréasáin seo. Má roghnaíonn úsáideoir gan glacadh le haon fhianáin neamhriachtanacha, socrófar an fianán seo i gcónaí le nach socróidh an suíomh gréasáin fianáin neamhriachtanacha.

Riachtanach

PHPSESSID

Baineann an fianán seo le leithdháileadh acmhainní freastalaí agus slándáil seisiúin.

Anailísíocht Google

éagsúil

Úsáidtear na fianáin seo chun faisnéis a bhailiú maidir leis an dóigh a n-úsáideann cuairteoirí ár suíomh gréasáin. Úsáidimid an fhaisnéis chun tuairiscí a chur i dtoll a chéile agus chun feabhas a chur ar an suíomh gréasáin. Bailíonn na fianáin faisnéis ar shlí nach n-aithnítear aon duine lena n-áirítear líon cuairteoirí an bhlag agus an tsuímh, cad as ar tháinig cuairteoirí chun an tsuímh agus na leathanaigh ar thug siad cuairt orthu.
Léigh forléargas Google maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí anseo. Tá tuilleadh eolais maidir le polasaí príobháideachais Google ar fáil anseo.   

Fianáin Chomhroinnte Meán Sóisialta

éagsúil

Baineann an fianán seo leis an ngiuirléid chomhroinnte shóisialta a leabaítear i suíomhanna gréasáin go coitianta chun cur ar chumas cuairteoirí ábhar a chomhroinnt le hardáin chomhroinnte agus gréasánaithe. Tuilleadh eolais maidir leis an bpolasaí príobháideachais, fianáin agus téarmaí úsáide.  

Fianáin YouTube

éagsúil

Leabaímid físeáin YouTube ar roinnt leathanach. Tuilleadh eolais maidir le húsáid fianán Google agus YouTube. Is fianáin tríú páirtí iad seo.

Anailísíocht Google

Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as Anailísíocht Google, seirbhís anailísíochta idirlín arna soláthar ag Google, Inc. Baineann Anailísíocht Google úsáid as “fianáin”, ar téacschomhaid iad a lonnaítear ar do ríomhaire, chun cuidiú leis an suíomh gréasáin anailís a dhéanamh ar an dóigh a n-úsáideann úsáideoirí an suíomh. Déanfar an fhaisnéis a shíolraíonn ón bhfianán maidir leis an úsáid a mbaineann tú as an suíomh (do sheoladh IP san áireamh) a tharchur chuig Google mar a stórálfar ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe í. Bainfidh Google úsáid as an bhfaisnéis seo chun luacháil a dhéanamh ar an úsáid a mbaineann tú as an suíomh, chun tuairisciú a dhéanamh ar ghníomhaíocht shuímh d’oibritheoirí suíomhanna gréasáin agus chun seirbhísí eile a sholáthar maidir le gníomhaíocht shuímh agus úsáid idirlín.

Féadfaidh Google an fhaisnéis seo a aistriú chuig an tríú páirtí de réir ceanglais dlíthiúla nó nuair a dhéanann an tríú páirtí an fhaisnéis a phróiseáil thar ceann Google. Ní cheanglóidh Google do sheoladh IP le haon sonraí eile i seilbh Google. Féadfaidh tú diúltú d’úsáid fianán trí na socruithe cuí ar do bhrabhsálaí a roghnú. Mar sin féin, tugtar faoi deara má dhéanann tú amhlaidh, b’fhéidir nach mbeidh tú in ann úsáid a bhaint as feidhmiúlacht iomlán an tsuímh gréasáin seo. Trí úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo, toilíonn tú le próiseáil sonraí Google i do leith sa mhodh thuas agus chun na críche a leagtar amach thuas.

Féadfaidh tú tarraingt siar ó rianadh Anailísíocht Google trí úsáid a bhaint as an mbreiseán brabhsálaí seo.

Breiseáin Tríú Páirtí/ Leabúcháin lena n-áirítear Fianáin Mhargaíochta

Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as breiseáin tríú páirtí ó eagraíochtaí amhail Facebook, Twitter agus YouTube i bhfoirm físeáin leabaithe, fothaí nuachta agus cnaipí comhroinnte sóisialta. Is minic a úsáideann a leithéid seo fianáin chun úsáideoirí a rianadh agus éascú a dhéanamh ar chomhroinnt shaoráideach leathanach, mar shampla, an ‘cnaipe leanúna’ ar fhotha nuachta Twitter murar leantóir dár gcuid cheana féin thú.

Fianáin a Bhainistiú

Féadfaidh tú bainistiú a dheánamh ar fhianáin a gcuireann suímh gréasáin ar do ríomhaire trí roinnt socruithe brabhsálaí a athrú. Tá tuilleadh eolais le fáil sna naisc seo a leanas:

  1. Fianáin a bhainistiú ar Chrome
  2. Fianáin a bhainistiú ar Firefox
  3. Fianáin a bhainistiú ar Internet Explorer
  4. Fianáin a bhainistiú ar Microsoft Edge
  5. Fianáin a bhainistiú ar Safari