An Séú Comhdháil Bhliantúil (Toronto, Ceanada)
Ba mhór an chúis bhróid d’Ombudsman Ontario an séú Comhdháil Bhliantúil de chuid Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga in Toronto, Ceanada a óstáil ar an 26 agus 27 Meitheamh.
Mionlaigh Theanga a Chosaint, Sochaithe Níos Láidre a Chothú
Tháinig ionadaithe ardleibhéil ó shé mhór-roinn – ar a n-áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta agus rialtais stáit chomh maith le coimisinéirí teanga, ombudsmain, saineolaithe agus baill de bhalleagraíochtaí ó áiteanna ar fud an domhain – le chéile faoi choinne na Comhdhála seo.
Is é Ombudsman Ontario, Paul Dubé, ar ghlac a oifig ról an choimisinéara seirbhísí teanga Fraincise don chúige sin ón 1 Bealtaine faoi reachtaíocht nua a achtaíodh ansin, a rinne an chomhdháil a óstáil. “Is mór an onóir agus an phribhléid dom fáilte a chur roimh mo chomhghleacaithe nua in IALC go Toronto, tráth a bhfuil spéis mhór ag an bpobal anseo i gcearta teanga in Ontario,” a dúirt an tUasal Dubé.
In imeacht an dá lá a raibh an chomhdháil seo ar siúl scrúdaíodh ról lárnach na n-ombudsman teanga maidir le pobail teangacha mionlaigh a chosaint mar aon lena ról mar uirlisí riachtanacha ar mhaithe le lánpháirtiú na sochaí, cothú na síochána agus coinbhleachtaí a chosc i sochaithe atá il-eitneach agus ilteangach.
Leagadh béim sa chomhdháil ar na dúshláin a bhaineann le Caomhnú Teangacha Dúchasacha, agus pléadh na dea-chleachtais chun cearta teanga mionlaigh a chinntiú mar aon leis na constaicí is minice a bhíonn le sárú ag ombudsmain agus ag coimisinéirí teanga ina gcuid oibre ó lá go lá.
Is é Roger D. Jones, sainchomhairleoir dlí in Oifig an Taoisigh Náisiúnta, Tionól Chéadnáisiúin Cheanada, a thug an óráid tosaigh. I measc na gcainteoirí aitheanta eile a labhair bhí Raymond Théberge, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla i gCeanada; an Dr Mali Nomfundo, Príomhfheidhmeannach gníomhach an Bhoird Teanga Phan-Afraicigh Theas; Michael Conor Cook, an Comhordaitheoir Teanga Ionúiteach Náisiúnta, Inuit Tapiriit Kanatami; agus Kirsi Pimiä, Ombudsman Neamh-Idirdhealaithe na Fionlainne.
Dúirt an príomhchainteoir a chuir clabhsúr leis an gcomhdháil, Príomh-Bhreitheamh Chúirt Uachtarach Cheanada, Richard Wagner, go gcuireann constaicí teanga isteach ar gach gné de shaol na sochaí – cúram sláinte, fostaíocht, rannpháirtíocht pholaitiúil agus rochtain ar cheartas an dlí.
D'aithin an Breitheamh Wagner an obair thábhachtach a dhéanann IALC le grúpaí teanga mionlaigh a chosaint; nuair a bhainimid na bacainní atá ar mhionlaigh theanga, a dúirt sé, déantar níos mó ná díreach cabhrú leo – táimid ag cothú sochaí atá ionchuimsitheach agus ina bhfuil cothrom na Féinne le fáil ag cách.
Le linn na comhdhála, d’eisigh baill IALC, i gcomhar le hacadóirí ar leith, an leabhar Constitutional Pioneers – foilseachán ina bpléitear ról, feidhm agus modhanna na gcoimisinéirí teanga thart timpeall an domhain. Tá dhá pháirt san imleabhar seo agus nasctar ann an teoiric agus an cleachtas san anailís a dhéantar ar na coimisinéirí teanga, arb é a ról cearta na mionlach teanga ar fud an domhain a chosaint. Lean an nasc seo más áil leat tuilleadh eolais a fháil nó do chóip féin a cheannach.
“Ba thábhachtach an chomhdháil í seo do IALC agus an Cumann ag leanúint dá chuid iarrachtaí a ghuth a chur in iúl ar fud an domhain,” a dúirt Rónán Ó Domhnaill, iar-Chathaoirleach IALC agus Coimisinéir Teanga na Gaeilge.
Tar éis na comhdhála, thionóil bord IALC a chruinniú cinn bhliana agus ainmníodh Cathaoirleach nua, Coimisinéir Teanga Feidearálach Cheanada, Raymond Théberge, agus Leas-Chathaoirleach, Coimisinéir na Breatnaise, Aled Roberts.
Ba mhaith leis an gcoiste eagraithe buíochas a ghabháil leo siúd a ghlac páirt san ócáid seo agus leo siúd a chuidigh leis an gcomhdháil a reáchtáil.
Ailt agus Naisc de chuid na Meán
- La conférence des commissaires linguistiques s’ouvre sur fond d'inquiétude à Toronto
- Des agents spéciaux pour la défense des droits linguistiques
- Les commissaires veulent protéger les langues identitaires pour assurer la paix
-
楊長鎮分享母語認同經驗 國際會議高唱客家歌謠[影] (Yang Changzhen's International Conference on Sharing Mother Tongue Experiences Singing Hakka Songs. Includes video clip with contribution in English by Meri Huws, former Welsh Language Commissioner)