MENU

 

Ráiteas ar bhás Choimisinéir Teanga na Breataine Bige, Aled Roberts

Is oth le Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga (IALC) an drochscéala go bhfuil Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, Aled Roberts, imithe ar shlí na fírinne.

“Thar ceann bhaill uile IALC, cuirim ár gcomhbhrón in iúl do mhuintir, do chairde agus do chomhghleacaithe Aled,” a duirt Raymond Théberge, Coimisinéir Teangacha Oifigiúla Cheanada agus Cathaoirleach IALC. “Ba léir an grá agus an paisean a bhí ag Aled do chosaint agus cur chun cinn na Breatnaise. Bhí sé ina chrann taca ag cearta teanga agus ina bhall dílis den eagraíocht seo, agus ba mhór an phribhléid dúinn é é a bheith ina chomhghleacaí againn. Aireoimid uainn go mór é.”

Ómós do Aled Roberts, Coimisinéir Teanga na Breataine Bige