MENU

Comhdháil CICT, An Bhreatain Bheag 2024

Beatha teanga í a labhairt: Úsáid teangacha mionlaigh agus oifigiúla a mhéadú

Tionólfar an t-ochtú comhdháil de Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga (CICT) sa Bhreatain Bheag i mbliana ar an 11 Meitheamh. Deis a bheidh sa chomhdháil fíor-thionchar na reachtaíochta teanga a scrúdú sa Bhreatain Bheag agus ar fud an tsaoil. Ina cheann ar sheisiúin phraiticiúla ina roinnfear taithí na n-institiúidí Breatnacha tabharfaidh na príomhchainteoirí seo a leanas léargais uathu:

Tá an ócáid seo á reáchtáil le tacaíocht ó Rialtas na Breataine Bige.

Is féidir clárú don chomhdháil anseo: International Association of Language Commissioners’ Conference, Cymru 2024 (welshlanguagecommissioner.wales)

Is í Efa Gruffudd Jones, Coimisinéir Teanga na Breatnaise, cathaoirleach reatha CICT. Reachtáladh an chomhdháil go deireanach sa Bhreatain Bheag in 2017.

 


Seoladh Oifigiúil Chomhdháil CICT

Reachtálfar seoladh roimh an gcomhdháil ar an 10 Meitheamh i Mórionad Chuan Caerdydd. Ag an seoladh, déanfar ceiliúradh ar bhunú CICT deich mbliana ó shin i gcuideachta:

Léifidh an file iomráiteach Mererid Hopwood dán a coimisiúnaíodh go speisialta don seoladh agus beidh ceol ón gcumadóir agus ceoltóir Gwilym Bowen Rhys agus ó chór Ysgol Hamadryad.

Tugtar faoi deara nach mór cuireadh a fháil chun freastal ar an seoladh.

Tá an seoladh á urrú ag Delyth Jewell MS.

Gabhtar buíochas speisialta le Darwin Gray as féile a gcuid tacaíochta don ócáid.